Truagh do chor a chroidhe tim;
beag an dÃoth t´olc no t´inghreim:
ón mhéid toirbhire do thoil
téid bhar n-oirbhire a n-asgoidh.
Urusa t´ionntódh ar ais,
mór do-gheibh fios bhar bhforais;
truagh do chor, nà cás do shÃodh,
gá ttás do dhol a ndeimbrÃogh.
Ná seachnadh duine ar domhan
bhar ngrÃosadh, bhar ngortoghadh:
as t´uchd nà hintinn meisi,
gá dulc t´inntinn uaisleisi?
Gibé sgél do reacadh ruinn
an tráthsa a ttaobh I Dhomhnuill,
mo náire ‘na amhghar ort,
adhbhor gáire do ghluasocht.
Do-chÃm tar chenn gach diomdha
uaim dar thuill mo thighiorna
ar a chneidh nach coduil sibh,
neimh bhar gcoguidh do-cÃthir.
Caidhe an chúis do chuiris róibh,
caidhe an uaisle no an onóir,
caidhe an fhearggomh ané anois
más sé do threaghdadh tárrois?
A ndÃaigh a n-abruim oruibh,
a chroidhe bocht banamhail,
fa fhlaith sriobhshrotha Sligigh,
maith t´ionghotha im fhoighidin.
Lámh I Dhomhnuill Dúna ós Sáimh
d´easgor más fhÃor san Eadáill,
cúis bhar n-amhluaigh ós sà soin,
nà hà an anbhuain gan fhochoin.
Gidh eadh, nà hé h´eagla féin
budh cás libh, gér lór d´oilbhéim,
achd don triall tarla roimhe,
‘s d´iath Bhanbha go mbeanfoidhe.
D´éis a ndearna go nua anois
san easgor fuair flaith Bearnois,
gá ttás robadh soiréidh sionn
achd cás oiléin na hÉirionn.
Gibé mar tá ar reacadh ruinn
dá gcluineadh crÃoch Clann gConuill,
do mheasfadh a mÃobhuadh féin,
an easghlan shÃodhfhuar shoilléir.
Dá gcluineadh sliocht Gaoidhil Ghlais
a gcuala ó mhac mheic Maghnais,
budh mór bhfáth gcomhrúin fá a cheann
ag bláth fhionnmhúir na hÉireann.
As sé adéara gach duine,
dá bhfilltà réim Rudhruidhe
cÃa linn do laoidhfidhe anocht,
ó saoilfidhe inn d´fhurtocht?
An Coimsidh do-chà bhar ndáil,
a chrÃoch Mhac MÃleadh Easbáinn,
go bhfégha ort is oirne,
sgéla ar olc nár fhaghoimne.
BÃodh nach cás ar dearbhadh dhúinn,
bÃodh nach budh filleadh fortúin,
iomdha anoss fá dhoghruing de,
‘s nà a los I Dhomhnuill Daoile.
Easgar láimhe laoich Éirne
tug ar chridhibh coimhéirghi:
an teidhm tárra go ttà uadh,
nà bhà achd námha léan neamhthruagh.
Ìý