Athruithe le teacht maidir le héisteacht le fuaim ar an Âé¶¹Éç taobh amuigh den RA.
Athruithe le teacht maidir le héisteacht le fuaim ar an Âé¶¹Éç taobh amuigh den RA.
Níos luaithe i mbliana, sheol Âé¶¹Éç Studios seirbhís nua fuaime taobh amuigh den RA ar Âé¶¹Éç.com agus ar aip an Âé¶¹Éç. San áireamh leis sin, tá Âé¶¹Éç Radio 4, Âé¶¹Éç World Service English agus teacht ar na mílte uaireanta an chloig de phodchraoltaí.
Mar chuid den fhógra, dúirt muid go raibh sé beartaithe againn Âé¶¹Éç Sounds a dhruidim do lucht éisteachta taobh amuigh den RA. Is féidir linn a dheimhniú anois go ndruidfear Âé¶¹Éç Sounds d’éisteoirí atá lonnaithe taobh amuigh den RA ar an 21 Iúil 2025.
An féidir liom éisteacht le raidió beo ón Âé¶¹Éç go fóill má tá mé lonnaithe taobh amuigh den RA?
Is féidir. Leanfaidh ár gcuid stáisiún raidió de bheith ar fáil do dhaoine taobh amuigh den RA le bheith ag éisteacht beo i ndiaidh dhruidim Âé¶¹Éç Sounds taobh amuigh den RA. Má tá tú i do chónaí thar sáile, is féidir go n-athródh an dóigh a bhfaigheann tú stáisiúin raidió beo.
Féach, le do thoil, eolaire na stáisiún (atá ar fáil i mbosca na nasc ar thaobh an leathanaigh), áit a bhfuil teacht ar naisc le bheith ag éisteacht le stáisiúin raidió an Âé¶¹Éç ar fud fad an RA. San áireamh leis sin, tá stáisiúin cheoil an Âé¶¹Éç - Âé¶¹Éç Radio 1, Radio 2 agus Radio 3, 6Music, 1Xtra agus Asian Network, Radio 4Xtra agus 5Live, gach stáisiún de chuid an Âé¶¹Éç ó náisiúin an RA agus gach stáisiún áitiúil i Sasana. Tá Âé¶¹Éç Radio 4 agus Âé¶¹Éç World Service English ar fáil ar Âé¶¹Éç.com cheana agus leanfaidh sé sin de bheith amhlaidh.
Ní bheidh tionchar ag an athrú seo ar a bheith ag éisteacht le cláir fuaime an Âé¶¹Éç ar ardáin nach ardáin de chuid an Âé¶¹Éç iad.
An féidir liom éisteacht le Âé¶¹Éç Podcasts go fóill?
Is féidir. Tá réimse podchraoltaí i mBéarla, i mBreatnais agus i nGaeilge ar fáil ar Âé¶¹Éç.com/audio chomh maith le seirbhísí podchraoltaí tríú páirtí.
Tá mé i mo chónaí san RA, an féidir liom an aip Sounds a úsáid ar saoire thar sáile?
Is féidir. Beidh duine ar bith atá ina gcónaí san RA go fóill in ann an aip Âé¶¹Éç Sounds a úsáid nuair a théann siad ar saoire thar sáile ar feadh míosa nó mar sin. Tabhair cuairt ar Can I use Âé¶¹Éç Sounds when I travel outside the UK? i mbosca na nasc.
Cén fáth a bhfuil an Âé¶¹Éç ag cur an athraithe seo i bhfeidhm?
Is fochomhlacht tráchtála de chuid an Âé¶¹Éç é Âé¶¹Éç Sounds, agus díríonn sé ar an iriseoireacht agus scéalaíocht dhílis den scoth s’againn a chur ar fáil do lucht éisteachta idirnáisiúnta. Níos luaithe i mbliana, sheol Âé¶¹Éç Sounds rannóg úr fuaime ar Âé¶¹Éç.com agus ar aip an Âé¶¹Éç (seirbhís tráchtála) taobh amuigh den RA.
Tugtar an t-ioncam a thagann isteach trí na seirbhísí seo ar ais don Âé¶¹Éç le tacú lena chuspóir poiblí sa RA.
Mar chuid den fhógra seo, dúirt muid go ndruidfeadh muid Âé¶¹Éç Sounds taobh amuigh den RA – agus é a fhágáil ar fáil d’éisteoirí san RA amháin.
An féidir liom éisteacht le Âé¶¹Éç Proms taobh amuigh den RA go fóill?
Is féidir. Daoine atá ina gcónaí taobh amuigh den RA, is féidir leo éisteacht go fóill leis na Proms agus iad ar saoire thar sáile ar an aip Âé¶¹Éç Sounds.
Agus is féidir le héisteoirí taobh amuigh den RA a bheith ag éisteacht leis na Proms beo áit ar bith ar domhan ach an nasc chuig Âé¶¹Éç Radio 3 a úsáid san eolaire ar Âé¶¹Éç.com.
Níl tionchar ag an athrú seo ar ábhar ar bith ar ardáin mhalartacha.
Tuilleadh eolais agus Tacaíocht d’éisteoirí idirnáisiúnta
Le tuilleadh a fháil amach faoi theacht ar raidió agus ar phodchraoltaí an Âé¶¹Éç taobh amuigh den RA, nó má tá tú ag cuardach tacaíochta, lean an nasc chuig Âé¶¹Éç Audio FAQs i mbosca na nasc ar thaobh an leathanaigh.
Tá leagan Béarla den alt seo ar fáil i mbosca na nasc ar thaobh an leathanaigh.