Gaeilgear an Âé¶¹Éç
Spaghettini le Gairleog, Ola agus Cillà á dhéanamh ag Éamonn Ó Catháin
Spaghettini con olio, aglio e peperoncino nó Spaghettini le Gairleog, Ola agus CillÃ
Tá mé ag baint suilt as an mhias seo leis na blianta fada, ceann de na miasanna peirsile is saoire agus is simplà dá bhfuil ann, ach nuair a bhà mé sa Tuscáin ar na mallaibh, fuair mé dóigh bheag leis an oideas a bhà agam a dhéanamh nÃos fearr.
Is fearr liom spaghettini (pasta atá nÃos tanaà ná spaghetti) faoi choinne an oidis seo. Roghnaigh an branda is fearr agus is féidir. Seachain gnáthbhrandaà saora gránna an ollmhargaidh. Uch!)
°ä´Ç³¾³óá²ú³ó²¹¾±°ù
Spaghettini
1 chillÃ, na sÃolta bainte aisti agus à gearrtha.
Salann, piobar dubh
1 cheann gairleoige
Dos peirsile
Bainne
Modh
In áit gairleog bhrúite nó ghearrtha a fhriochadh mar a dhéanfainn de ghnáth, baineann an t-oideas seo úsáid as gairleog ina hiomláine (ar a dtugtar gairleog bhog nó gairleog mhilis), bogtha ar an phanna. Cuireann sé úmf iontach sa mhias ar fad!
Cuir na spaghettini isteach in uisce bruite agus déan cócaráil orthu ar feadh 3-4 bhomaite. Tá siad nÃos tanaà ná spaghetti agus beidh siad réidh go measartha gasta.
Déan an ghairleog mhilis a scalladh i mbainne te, bain an craiceann di agus cuir sa fhriochtán le hola olóige. Déan à a fhriochadh go réidh. Bain an ghairleog den phanna agus cuir roinnt cillà deirge isteach ann. Ardaigh an teas.
Gearr an pheirsil go garbh
Taom an pasta ach fág giota beag den uisce te sa phota. Is é seo an cleas Iodálach a chinntÃonn go mbÃonn an pasta breá te i gcónaà ach chomh maith leis sin, bÃonn blaisÃn speisialta breise ina gcuid anlann go léir a thagann ón uisce sin.
Cuir an ghairleog ar ais sa phanna leis an chillà agus cuir nÃos mó ola olóige air. Bain úsáid as tlú chun an phasta a chur isteach sa phanna in éineacht leis an chillÃ, an ola olóige agus an ghairleog. Scaip giota den pheirsil ghearrtha air, cuir cúpla spúnóg bhoird den uisce inar ullmhaÃodh an pasta isteach leis, cinntigh go bhfuil sé blaistithe mar is ceart, agus cuir amach ar phlátaà teo é.
Tá sé gasta, sárbhlasta agus tá cuma ghalánta air. Mar a fheicfidh tú, nÃl aon cháis pharmasán luaite. Nà le costas na cáise sin a bhaineann sé seo (cé go bhfuil an parmasán daor, gan dabht), ach leis an bhlas. Nà úsáideann na hIodálaigh parmasán le miasa pasta a bhfuil bia mara iontu, ná le miasa pasta a bhfuil cillà iontu.
Bookmark this page:
Âé¶¹Éç © 2014 NÃl an Âé¶¹Éç freagrach as ábhar atá ar shuÃomhanna seachtracha idirlÃn.
Is fearr amharc ar an leathanach seo le brabhsálaà gréasáin atá suas chun dáta agus atá cumasaithe do stÃlbhileoga cascáideacha (CSS). Cé go mbeidh tú in ann ábhar iomlán an leathanaigh seo a fheiceáil sa bhrabhsálaà atá agat faoi láthair, nà bheidh cáilÃocht na rudaà a fheicfidh tú chomh maith agus a thiocfadh leo a bheith. Iarrtar ort smaoineamh ar bhogearra do bhrabhsálaà a uasghrádú nó ar stÃlbhileoga cascáideacha (CSS) a chumasú más féidir.